Altan An Cailín Gaelach Lyrics

AN CAILIN GAELACH
(An Irish Girl)
Traditional

B'aite liom féin a bheith 'r thaoibh mhalaidh shléibhe
'Gus cailín Gaelach a bheith 'mo chóir
Bheinn dá bréagadh is a' teannadh léithe
'Gus dar liom féin 'riú gur dheas ar ndóigh

'G éirí domh féin ar maidin an lae ghil
'S mé ag gabháil fán choill chraobhaigh is mé ag seoladh bó
Tharlaigh domh 'n spéirbhean 'na suí ar a' léana
'S a fallaing léithe is í lán de chnódhann'

D'fhiafair mé daoithe go ciúin 's go céillí
An nglacfaidh tú póg uaim, a stór mo chroí?
D'fhoscail sí a béilín 'gus labhair sí
Béarla Sé dúirt sí: Pray, sir, and let me be

'S maith an airí ar na buaibh s sanntú
'Gus bheinnse dá seoladh amuigh sa lá
Im agus bainne ghil ar theacht an tsamhraidh
'S mar gheall ar bhólacht a phóstar mná

See also:

72
72.107
Não sei se é amor- Hércules Lyrics
10.Nicky Jam Ft Ken-Y & Cruzito Quedate Con El Lyrics