Altan Cuach Mo Lon Dubh Buí Lyrics

Bhí mise's mo bhean bheag lá gabháil a' bóthar
'S oró grá mo chroí
Is cé chásfaidh dúinn ach Gruagach an óir bhuí
Cuach mo lon dubh buí

D'fhiafair sí domhsa an 'níon domh an óigbhean
'S oró grá mo chroí
A's dúirt mé féin gurb í mo bhean phósta í
Cuach mo lon dubh buí

d'Tabharfaidh tú domhsa choíche go deo í?
'S oró grá mo chroí
Muna ndéanfaidh tú sin liom dhéanfaidh mé' n cóir leat
Cuach mo lon dubh buí

Gabh thusa 'na mullaí 'gus mise 'na móinte
'S oró grá mo chroí
'S ca bith fear a leanfaidh sí bíodh sí go deo aige
Cuach mo lon dubh buí

Chuaigh seisean 'na mullaí 'gus mise 'na móinte
'S oró grá mo chroí
'Gus lean sí an Gruagach, b'aige a bhí 'n óige
Cuach mo lon dubh buí

D'fhill mé 'na bhaile go buartha cráite
'S oró grá mo chroí
'Gus shuigh mé síos ar mo leabaidh trí ráithe
Cuach mo lon dubh buí

D'fhan sí amuigh aige bliain is trí ráithe
'S oró grá mo chroí
Agus tháinig sí 'na bhaile, mo Mhallaí gan náire
Cuach mo lon dubh buí

A ghiolla adaí istigh caidé mar atá tú?
'S oró grá mo chroí
Mar is olc le mo charaid is maith liom mo námhaid
Cuach mo lon dubh buí

Caidé a dhéanfá dá bhfaighinnse bás uait?
'S oró grá mo chroí
Chuirfinn ort cónair dara na gcúig gclár
Cuach mo lon dubh buí

Cuach inniu agus cuach amárach
'S oró grá mo chroí
'Gus cuach bheag eile achan lá go ceann ráithe
Cuach mo lon dubh buí

See also:

86
86.48
Keith Harling Right in the Middle Lyrics
Artist Real slim Shady Lyrics