The Chieftains An Poc Ar Buile (The Mad Puck Goat) Lyrics

AN POC AR BUILE

Ag gabháil dom sior chun Droichead Uí Mhóradha
Píce im dhóid 's mé ag dul i meithil
Cé casfaí orm i gcuma ceoídh
Ach pocán crón is é ar buile

Curfa
Ailluliú puilliliú, alilliliú tá an poc ar buile (x2)

Do ritheamar trasna trí ruilleogach
Is do ghluais an cómhrac ar fuaid na muinge
Is treasscairt dá bhfuair sé sna turtóga
Chuas 'na ainneoin ina dhrom le fuinneamh

Níor fhág sé carraig go raibh scót ann
Ná gur rith le fársa chun mé a mhuilleadh
Ansan sea do chaith sé an léim ba mhó
Le fána mór na Faille Brice

Bhí gárda mór i mBaile an Róistigh
Is bhailigh fórsaí chun sinn a clipeadh
Do bhuail sé rop dá adhairc sa tóin ann
Is dá bhríste nua do dhein sé giobaíl

I nDaingean Uí Chúis le haghaidh an tráthnóna
Bhí an sogart paróiste amach in ár gcoinne
Is é dúirt gurbh é an diabhal ba dhóigh leis
A ghaibh an treo ar phocán buile

See also:

91
91.75
Die Ärzte Die Ärzte - Westerland Lyrics
Panda Los Lagartijos Lyrics