Clannad Nil Sen La Lyrics

Chuaigh mé isteach i dteach aréir
is d'iarr mé cairde ar mhnaoi an leanna.
Is é dúirt sí liom "Ní bhfaighidh tú deor.
Buail an bóthar is gabh abhaile."

Curfá:
Níl sé ina lá, níl a ghrá,
níl sé ina lá is ní bheidh go maidin,
níl sé ina lá is ní bheidh go fóill,
solas ard atá sa ghealaigh.

Chuir mé féin mo lámh i mo phóca
is d'iarr mé briseadh scillinge uirthi.
Is é dúirt sí liom "Suigh síos ag bord
is bí ag ól anseo go maidin."

Curfá

"Éirigh i do shuí, a fhear an tí,
cuir ort do bhrístí is do hata
go gcoinne tú ceol leis an duine cóir
a bheas ag ól anseo go maidin."

Curfá

Nach mise féin an fear gan chéill
a d'fhág mo chíos in mo scornaigh?
D'fhág mé léan orm féin

is d'fhág mé séan ar dhaoine eile.

See also:

29
29.26
Tourniquet Spectrophobic Dementia Lyrics
The Levellers 15 Years Lyrics