Kate Bush Women Of Ireland Lyrics
            Tá bean in Éirinn a phronnfadh séad domh is mo sháith le n-ól
            Is tá bean in Éirinn is ba bhinne léithe mo ráfla ceoil
            Ná seinm théad; atá bean in Éirinn is níorbh fhearr léi beo
            Mise ag léimnigh nó leagtha i gcré is mo thárr faoi fhód
        
            Tá bean in Éirinn a bheadh ag éad liom mur' bhfaighfinn ach póg
            Ó bhean ar aonach, nach ait an scéala, is mo dháimh féin leo;
            Tá bean ab fhearr liom nó cath is céad dhíobh nach bhfagham go deo
            Is tá cailín spéiriúil ag fear gan Bhéarla, dubhghránna cróin.
        
            Tá bean i Laighnibh is nios mhiste léithe bheith límh liom ar bord,
            Is tá bean i bhFearnmhaigh a ghéabhadh bhéarsai is is sárbhinne glór,
            Bhí bean ar thaobh cnoic i gCarraig éamoinn a níodh gáire ag ól
            Is tráth bhí ina maighdin ní mise d'éignigh dá chois ó chomhar.
        
            Tá bean a leafgfadh, nífead is d'fhuaifeadh cáimric is sról,
            Is tá bean a dhéanfadh de dh'olainn gréas is thairnfeadh an bhró
            Tá bean is b'fhearr leí ag cruinniú déirce nó cráite re cró
            Is tá bean 'na ndéidh uile a luífeadh lé fear is a máthair faoi fhód
        
            Tá bean a déarnadh an iomad tréanais is grá Dia mór,
            Is tá bean nach mbéarfadh a mionna ar aon mhodh is nach n-ardódh glór;
            Ach thaisbeáuin s_____ean a ghlacfadh lé fear go cráifeach cóir
            Nach mairfeadh a ghléas is nach mbainfeadh léithe i gcás ar domhan.
        
            Tá bean a déarfadh dá siulfainn léi go bhfaighinn an t-ór,
            Is tá bean 'na léine is is fearr a méin ná na táinte bó
            Le bean a bhuairfeadh Baile an Mhaoir is clár Thír Eoghain,
            Is ní fheicim leigheas ar mo ghalar féin ach scaird a dh'ól
        
See also:
JustSomeLyrics
35
35.84
Snapcase Zombie Prescription Lyrics
Giuliano Palma & the Bluebeaters Lobo hombre en paris Lyrics